Sochair Intreo Eile

Liúntas Leasa Forlíontach

B’fhéidir go mbeidh tú in ann Liúntas Leasa Forlíontach a fháil chun cabhrú leat costais bhreise leanúnacha a íoc nach mbeifí ag súil le réasún go n-íocfadh siad as d’ioncam seachtainiúil.

De ghnáth is éard a bhíonn sa liúntas:

  • íocaíocht bhunúsach, agus / nó
  • forlíonadh (íocaíocht bhreise) le haghaidh costais nach mbeidh tú in ann a íoc, b’fhéidir.

Má d’éiligh tú sochar leasa shóisialaigh nó pinsean ach nár íocadh é fós agus mura bhfuil aon ioncam eile agat, d’fhéadfá cáiliú don Liúntas Leasa Forlíontach agus tú ag fanacht le d’íocaíocht.

Forlíonadh Cíosa

Is íocaíocht de réir tástála acmhainne é Forlíonadh Cíosa do dhaoine áirithe atá ina gcónaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos nach féidir leo íoc as a gcóiríocht féin.

San am atá caite, d’fhéadfá iarratas a dhéanamh ar Fhorlíonadh Cíosa má cháiligh tú le haghaidh tacaíochta tithíochta sóisialta agus má bhí tú ar liosta tithíochta an údaráis áitiúil. Mar sin féin, ba cheart do dhaoine sa chás seo iarratas a dhéanamh anois ar an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP).

Is cineál tacaíochta tithíochta sóisialta í an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP) do dhaoine a bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta acu. Tá sé ar fáil i ngach ceantar údaráis áitiúil. Tá daoine ag fáil Forlíonadh Cíosa a bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta acu á n-aistriú de réir a chéile chuig HAP.

Tiocfaidh HAP in ionad an Fhorlíonta Cíosa fadtéarmach sa deireadh.

Rogha Oibre Deonach

Ligeann an scéim um Rogha Oibre Deonach do chuardaitheoirí poist oibriú san earnáil dheonach.

Is gnách go n-oibríonn grúpaí deonacha le:

  • daoine breoite, aosta nó faoi mhíchumas,
  • clubanna óige,
  • grúpaí eaglaise,
  • grúpaí spóirt,
  • grúpaí áitiúla.

De ghnáth bíonn an obair seo ar feadh cúpla uair an chloig in aghaidh an lae nó cúpla lá sa tseachtain, ach b’fhéidir go mbeidh tú in ann ról lánaimseartha i ngrúpa deonach a chomhaontú le d’oifigeach cás ag d’ionad Intreo áitiúil.

Do chárta leighis a choinneáil nuair a fhilleann tú ar an obair

Má tá tú dífhostaithe agus ag filleadh ar obair lánaimseartha nó páirtaimseartha, b’fhéidir go mbeidh tú in ann do chárta leighis a choinneáil ar feadh 3 bliana má tá roinnt íocaíochtaí lánráta á bhfáil agat ar feadh 12 mhí nó níos mó.

}